Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An tsraith shinsearach

Bíonn an foghlaimeoir sa tsraith shinsearach ag druidim le deireadh a chuid ama ar scoil agus ag roghnú an treo ina rachaidh sé sa chuid eile dá shaol. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an tsraith shinsearach chun cabhrú leis an bhfoghlaimeoir aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá aige faoi láthair mar dhuine fásta óg agus é a ullmhú dá shaol amach anseo i gcomhthéacs ina mbeidh athruithe eacnamaíocha agus sóisialta.
Bunaíodh an tsraith shinsearach ar thiomantas do ghnóthachtáil oideachais den chaighdeán is airde do gach foghlaimeoir, de réir a inniúlachtaí pearsanta féin. Chun tacú leis an bhfoghlaimeoir agus é ag cruthú a thodhchaí féin, tá béim ar eolas agus tuiscint dhomhain a fhorbairt; ar an bhfoghlaimeoir ag glacadh freagrachta as a fhoghlaim féin; ar shealbhú príomhscileanna; agus ar na próisis foghlama. Tá an curaclam leathan, agus roinnt deiseanna le tabhairt faoi speisialtóireacht ann, agus tacaítear le leanúnachas ón tsraith shóisearach. Féachtar le freastal ar riachtanais an fhoghlaimeora; cé go mbíonn riachtanais speisialta oideachais ag roinnt foghlaimeoirí, bíonn réimse leathana ábhar spéise, cumais agus tallainne ag na foghlaimeoirí ar fad.

Cuireann comhpháirteanna curaclaim sa tsraith shinsearach cothromaíocht chun cinn idir eolas agus scileanna, agus na cineálacha straitéisí foghlama a bhaineann le páirt a ghlacadh i ndomhan atá ag athrú agus nach fios céard a tharlóidh ann amach anseo, chomh maith le cur leis an domhan sin.

Baineann measúnú sa tsraith shinsearach le faisnéis faoi na próisis agus torthaí foghlama a bhailiú, a léirmhíniú agus a úsáid. Tá foirmeacha éagsúla measúnaithe ann agus úsáidtear é ar chúiseanna difriúla. Baintear úsáid as measúnú chun an tslí chuí a aimsiú don fhoghlaimeoir trí churaclam idirdhealaithe, chun sainréimsí deacrachta nó láidreachta foghlaimeora áirithe a shainaithint agus chun gnóthachtáil a thástáil agus a theistiú. Tacaíonn an measúnú leis an bhfoghlaim agus feabhsaíonn sé í trí chabhrú leis an bhfoghlaimeoir agus leis an múinteoir na chéad chéimeanna eile sa phróisis teagaisc agus foghlama a shainaithint.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.